Lá na nAmadán
An Meiriceá, na hamfataimíní agus an t-impiriúlachas
Beidh muid ag tarraingt amach go han-sciobtha, arsa an t-uasal. Tá dul chun cinn á dhéanamh againn sna comhráite, cé go ndeir an dream eile nach bhfuil. Is cladhaire gach duine seachas mise. Ba cheart dóibh an Caolas Mé Féin a oscailt — gabh mo leithscéal, botún uafásach. (Is ea.) Beidh an bréag-nuacht ag rá gur botún é sin, ach ní hea. (Ní hea.)
Táim ag tabhairt daoibh atá uaibh trí scoil a bhuamáil; ádh mór oraibh agus sibh ag lorg bhur bpáistí sa charn smionagair. Beidh rialtas nua agaibh; ádh mór oraibh agus gás nimhe san aer. Is agaibhse an rogha, ach an rogha a bheith agamsa. GÉILLEADH GAN CHOINNÍOLL. Ceannair(e/í) MÓR(a) & INGHLACTHA, AN-TODHCHAÍ. Buíochas mór liomsa ar bhur son. Cuirimis rath oraibh arís, .i. CROA — a chiallaíonn ‘Ligeann sé/sí grág’ sa Spáinnis, teanga gan tírghrá. Chuir mé stop cheana leis an gcogadh a chuireas ar tús, nó níor chuir fós ach ba féidir liom i gceann cúpla nóiméad ach an fonn a bheith orm. Táimid ag iarraidh a bheith deas libh. LUCHT CAILLTE AN MHEÁNOIRTHIR.
Ná bíodh imní oraibh go n-éireoidh mé tuirseach den sleacht; níl tada leadránach faoi.
Tine, tine, búm, búm.
Is agamsa an éacht. Ba cheart iarracht foirne a bheith ann. An tSín, an Fhrainc, an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Ríocht Aontaithe más ann don lucht sin fós … tíortha eile. Ba mhaith liom a gcabhair. Níor mhaith liom a gcabhair. Ní raibh sí de dhíth orm riamh.
Tá 48 uair agaibh fós le géilleadh. Tá 5 lá agaibh. 10 lá. Tá sibh difriúil agus ‘aisteach’; tá sibh ag impí orainn. MÍCHEART!!! Is idirghabhálaí den scoth mé.
(Má tá tú ag fiafraí díot féin cén fáth gur féidir le tír bheith mar idirghabhálaí i gcoimhlint a bhfuil an tír chéanna páirteach, sin fianaise den chumas daonna a bheith ag lorg na céille i gcás ní hamháin a scar sí leis blianta fada ó shin, ach a thug sí ordú sriantach ina choinne.)
‘Ní raibh aon uachtarán roimhe seo toilteanach an méid seo a dhéanamh’, arsa seisean — agus a ábhar acu, arsa daoine atá chomh soiniciúil sin le bheith amhrasach faoin Tír na Saor. ‘Is féidir liom athchomhairle a dhéanamh laistigh de chúpla soicind’ – amhail dá mba chúis bróid é sin seachas siondróm a ordaítear cógas dó. Ach sin a tharlaíonn nuair a ghabann guagacht duine amháin in aghaidh dearcaidh na sochaí agus na cumhachta. Mura raibh an príomh-ghealt ann, ba ghá don choilíneachas ceann a chruthú.
Ceann de na fáthanna a d’fhág mé Beirlín ná go raibh mé dubh dóite de dhaoine a bhí ar na ribí ag an snaois. Is mise an cluanaire is mealltaí ar domhan, is féidir liom cibé rud, is féidir liom tú a threascairt, is liomsa an saol mór, tá siadsan do mo bhreathnú — tá s’ad cé atá i gceist — ach táim níos fearr, an mbeidh deoch ad. Dónn an t-impiriúlachas na hamfataimíní: is faoi tionchar an modafinil atá na haerfhórsaí ag ionsaí an Iaráin anois, de réir traidisiúin mhíleata bunaithe san Eoraip, an miotas céanna ar a bunaíodh gach gné eile an Síónachais agus an ghlothair báis reatha na Ríochta Mheiriceá.
Agus mar an gcéanna le haon andúileach eile, nach ndeir siad anois gur féidir leo éirigh as cibé uair gur mian leo.
Tógadh príomhacht an Mheiriceá ar shiabhráin drugáilte. Ghlac na Poncáin amfataimíní sulfáití sa Dara Cogadh Domhanda, chaith na Naitsithe meitiolamfataimín, agus bhuaigh na Poncáin sa deireadh. Sa Chogadh na Cóiré bhain a bpíolótaí an-leas as ‘speedballs’, meascán amfaitimín agus hearóine. D’úsáid siad gach rud faoin spéir i Vítneam, sa Mhurascaill, san Afganastáin, san Iaráic. Ní hamháin le brath cumasach, ach le brath ionúin. Beidh sibh i ngrá linn bíodh thíos thuas.
‘Ní Meiriceá seo’, a mhaíonn daoine nach bhfuil aithne dá laghad acu ar Mheiriceá. Is Meiriceánaigh iad den chuid is mó.
Nár dheas mura mbeadh ach lá amháin ag na hamadáin.



Aor den scoth. Más féidir an Trumpallán a aoradh.