Dialann léitheoireachta thar lear
Tá léamh agam, de réir dealraimh
Bhí mé i bPáras, ansin i mBeirlín, agus anois is i bPalermo atáim. Ní raibh grand tour á phleanáil agam, ach roghanna praiticiúla á dhéanamh faoi cé leis a bhfanfainn/cad a dhéanfainn agus mé fós ag réiteach mo chás lóistín i mBaile Átha Cliath. Ach fágadh mé ag léamh roinnt leabhar sách randamach, ceannaithe – den chuid is mó – athláimhe i siopaí leabhar a dúirt mé liom féin go raibh mé ag dul isteach díreach le breathnú. Seo cuid acu.
*
Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain (1949)
(Ní ceann é seo a cheannaigh mé ar athláimh, ná fiú ar chéadláimh, thar lear; caithfidh mé an scéal a chur i do láthair go séimh cineálta nach bhfuil margadh ollmhór idirnáisiúnta do leabhair Gaeilge.)
Faoi dheireadh! Bhí drogall éigin orm é seo a léamh le tamall, ar dhá chúis: 1. eagla nach mbeadh sé chomh maith is a bhíonn gach duine ag maíomh, nó 2. eagla go mbraithfinn dúr á léamh. Ach tá cuid mhór de mo phearsantacht a dhéanann iarracht d’aon ghnó mothú go bhfuilim dúr, ionas gur féidir liom dul i gceannas ar an ndúracht agus í a shárú. Ansin éirím tuirseach den easpa dúshláin agus lorgaím an chéad rud eile a bhraithfidh mé dúr á dhéanamh. Haigh a Shiosafas, tá carraig álainn agam ar mhaith liom a chur in aithne duit.
Ar aon nós, bhain mé an-sult as Cré na Cille.
‘Is minic a cuireadh i leith Uí Chadhain go raibh sé ró-luite le stór focal a chanúna féin’, a deir an réamhfhocal. Cé hiad na daoine seo agus cad é faoin spéir atá acu? Seo é an fíor-‘éilíteachas’ atá ag déanamh dochair don Ghaeilge: táthar ag súil go mbeadh cainteoirí dúchais ag déanamh simpliú agus caolú ar a dteanga chun í a dhéanamh níos sothuigthe do chainteoirí L2 nach bhfuil chomh líofa agus is mian leo a chreidiúint. Ní deir aon Ghearmánach ‘Tá an iomarca canúna Bheirlín in Berlin Alexanderplatz’; b’fhéidir nach n-aithneoidh duine as München gach téarma ann, ach ní bheadh aon fhadhb ag cainteoir dúchais Gearmáinise é a thuiscint sa chomhthéacs. Sílim go bhfuil Berlin Alexanderplatz níos deacra do chainteoir Hochdeutsch ná mar atá Cré na Cille do chainteoir Gaeilge nach as Conamara dó. Is mise an dá rud seo agus tá an dá leabhar léite agam, ach bheadh orainn an turgnamh a athchruthú le bheith cinnte.
Ar aon nós, thaitin an mionchúiseachas Éireannach liom – na gearáin, na leitmóitífeanna (nó leitmóitífeachaí?) ar fad … beidh sé orm anois ‘X na cosa lofa’ a chur ar aon duine atá olc agam dó.
*
Trois contes le Gustave Flaubert (1877)
An leabhar deireanach a d’fhoilsigh Flaubert agus é beo; trí úrscéilín atá i gceist. Ba é an smaoineamh go mbeadh trí charachtar a bhí gach ceann ina naomh ar a bhealach féin: duine amháin sa Normainn an 19ú haois, duine eile i ré na meánaoise, agus an tríú i sean-aois an Bhíobla. An fhadhb ná go bhfuil Flaubert i bhfad, i bhfad níos fearr ag scríobh faoin gcéad shuíomh ná faoin dara dá cheann.
Félicité, searbhónta atá ag dul in aos, ‘resta fidèle à sa maîtresse, – qui cependant n’était pas une personne agréable’ (d’fhan sí dílis dá mháistreás, – nach raibh ina duine gnaíúil, áfach). Tá pian an domhain sna fhocail sin, díreach toisc gur féidir leis an léitheoir an pian sin a chailleadh mura bhfuil sé ag tabhairt aird air – aird nach bhfuil Félicité féin in ann a thabhairt ar a mothúcháin féin, agus nach dtugann aon duine eile uirthi ach oiread. Ní ar dhaoine atá go hoscailte ar buile a scríobhann Flaubert i mbarr a réime, ach ar dhaoine nach bhfuil cumas ná cumhacht ná pribhléid acu le hadmháil, fiú, go bhfuil fearg orthu. Éiríonn le caolchúis Flaubert nuair a bhraitheann an léitheoir an bearna sin idir cad a dúradh agus cad a mothaíodh.
Níl an bearna sin sa dara ná sa thríú úrscéilín. Tá cuma teibí ar na bhfigiúirí stairiúla; is carachtair maide iad. Ní gá do gach duine write what you know — ach i gcás Flaubert, ba cheart dó.
*
Män som hatar kvinnor le Stieg Larsson (2005)
Táim ag iarraidh a léamh níos minice i Sualainnis, agus tá an leabhar seo ró-cháiliúil le cailleadh.
Tugann sé an-léargas ar shaol liteartha an Bhéarla gur athraíodh teideal an aistriúcháin ó ‘Män som hatar kvinnor’ (fir a bhfuil fuath acu do mhná) go ‘The Girl with the Dragon Tattoo’. Níos mó ná foilsitheoirí i gcoitinne, ceapaim go nglacfaidh na cinn Béarla leis go bhfuil daoine baoth agus nach bhfuil siad ag lorg ach siamsaíochta. Tá an bunteideal i bhfad níos suimiúla d’aon duine a bhfuil inchinn aige. Ach is léir gur cheap margóir éigin san oifig foilsitheoireachta: ní féidir linn a bheith conspóideach, ní féidir linn a chur ina luí ar aon duine gur léacht thirim fheimineach atá ann. Is mar sin a cailleadh teideal iontach i bhfabhar cinn sách leamh.
Is léir dá bharr go raibh Larsson ag iarraidh fuath ban na Sualainne a nochtadh. Ba féidir a áiteamh, faraor, nach ndéanann sé ach aithris air sa deireadh. Many such cases.
Is minic a chuirtear an cheist an bhfuil radhairc ionsaithe gnéis ‘riachtanach’ san fhicsean. Ní hí an cheist cheart í sin, i mo thuairimse, toisc nach bhfuil an ealaín féin ‘riachtanach’ ar an gcéad dul síos. Tá bia riachtanach. Tá uisce riachtanach. I gcás na healaíne, teastaíonn slat tomhais eile uainn. Mar sin déarfainn díreach: mhothaigh mé go raibh na radhairc sin ann chun leasa léitheora eile seachas mise, go raibh siad ann chun an léitheoir sin a ghriogadh. ‘An bhfuil tú ag rá nach bhfuil cea-’ STOP. Tá cead ag údair cibé rud is mian leo a scríobh. Agus tá cead agamsa a rá gur dhein siad drochjab de.
D’fhoghlaim mé an oiread sin ó struchtúr an úrscéil agus óna sheifteanna, áfach. Níl aon rud ann féin san fhicsean liteartha a éilíonn go mbeadh sé lag ar leibhéal an phlota agus an luais faon scéal; bheadh an meánchaighdeán i bhfad níos airde dá ndéanfadh scríbhneoirí liteartha staidéar ar scéinséirí ó am go chéile.
Cheap mé go raibh an leabhar seo suimiúil freisin mar léiriú ar dhátheangachas na Sualainne san 21ú haois. In úrscéal Iodálach, Fraincise, nó Gearmánach fiú, bheadh míniú éigin ann maidir le cén fáth go bhfuil Béarla carachtair chomh maith sin gur féidir leo bogadh láithreach agus gan stró go dtí an Astráil; anseo, glactar leis sin mar rud cinnte. ‘På engelska kallas det för new evidence, vilket har en helt annan klang än svenskans ”nytt bevismaterial”’ (Sa Bhéarla tugtar new evidence air, a bhfuil fuaim go hiomlán difriúil aige ná an ag an bhfrása Sualannach ‘nytt bevismaterial’), a smaoiníonn an príomhcharachtar fireann. Tá an Béarla agus an tSualainnis araon ina intinn ar bhealaí nach n-aistríonn go néata eatarthu i gcónaí.
*
Cad eile
Léigh mé Brief an den Vater (‘Litir chuig an Athair’) i mBeirlín, racht fada a scríobh Franz Kafka in 1919 nár sheol sé riamh. Bhí Passion simple (1988) le hAnnie Ernaux ar fheabhas — an chéad leabhar dá cuid a bhaineann leis an bhfíorghrá ceart, sin le rá leis an ainnise. I bPalermo, fuair mé Diabhlaíocht Dé (2015) le Micheál Ó Conghaile, cnuasach scéalta greanmhar spraíúil, ar iasacht ón leabharlann agus léigh mé é ar mo ríomhléitheoir; molaim go mór dul ar Borrowbox má tá tú ag lorg leabhar Gaeilge thar lear.
Anois táim ag dul trí Feminismens idéer (2006), téacsleabhar Sualannach faoi smaointe feimineacha a fuair mé ar athláimh i mBeirlín. Táim ag léamh La Sicilia non esiste (2025) le Gaetano Savatteri freisin. Fuair mé i siopa leabhair i bPalermo é; déanann sé scrúdú ar choincheapa agus miotais éagsúla faoin Sicilianità.
Tá dhá leabhar eile ordaithe agam freisin a bheidh mé ag bailiú ón siopa leabhar an tseachtain seo chugainn. Pléann siad le rudaí a dhearna mé iniúchadh fúthu ar Vicipéid na hIodáile agus ar theastaigh uaim tuilleadh eolais a fháil fúthu: an fhorbairt tithíochta ZEN agus an Cosa Nostra. Rinne mé an t-ordú mar sin toisc gur bhraith mé ró-mhíchompordach ag fiafraí sa siopa an raibh na leabhair sin acu. Le tuiscint a bheith agat cé chomh aisteach is a bheadh sé, samhlaigh Iodálach éigin le Gaeilge líofa ag fiafraí sa Siopa Leabhair: ‘An bhfuil leabhar agat faoi na hárasáin Bhaile Munna, agus ceann eile faoin IRA?’ Sílim go raibh an Eaglais Chaitliceach na hÉireann níos gaire do ról sóisialta mhaifia na hIodáile ná mar a bhí an IRA, sa Saorstát ar aon nós — is an Eaglais seachas an IRA a bhí ag líonadh folús cumhachta iar-choilíneach den chuid is mó, ag cur seirbhísí ar fáil nach raibh an stáit ábalta/toilteanach a fheidhmiú do phobail leochaileacha a rinne siad mí-úsáid orthu tríd an spleáchas a cruthaíodh dá bharr. Ach sin scéal eile.
Ci sentiamo, ar aon nós.
N


