An Gallantach
Smaointe faoi Mavis Gallant
Tá tumadh Mavis Gallant ar bun agam faoi láthair. N’fheadar cén fáth. Seans gurb é an fáth go bhfuilim ar tí a bheith i bPáras (a cathair) agus i mBeirlín (bhí neart le rá aici faoin bhfaisisteachas — ina choinne, dála an scéil; drochrud atá ann).
Bhí an iomarca nua-aoiseoirí Meiriceánacha i bPáras sa 20ú haois. Ní bhacaim leo. Tá buntáiste áirithe ag Gallant, áfach: an Ceanadachas. Níl mórán eolais agam faoi Cheanada, agus mar sin bíonn fáilte éigin agam rompu nuair a scríobhann siadsan faoin Eoraip. Gach rud ar eolas agam faoi Mheiriceá, is i gcoinne mo thola a tháinig sé. B’fhearr liom gan a fhios a bheith agam gurb ann don tír sin. Agus anois is ag iarraidh mé a mhúineadh faoi thíortha eile atá siad? Focáil leo.
Tá na Ceanadaigh ceart go leor. Sách. Tír uafásach í atá tógtha ar thalamh goidte, ach níl siad chomh cráite lena gcomharsana.
Rugadh Mavis Gallant i 1922 i Québec, áit ar tógadh go dátheangach í trí Fhraincis agus trí Bhéarla. (Is dócha gurb é seo míniú eile ar an gcúis nach bhfuil sí chomh cráite agus atá na Meiriceánaigh a scríobhann faoi Pháras.) Bhog sí go Páras i 1958 tar éis di colscaradh a fháil, agus rinneadh scríbhneoir gearrscéalta agus aistí clúiteach di. Scríobh sí dhá úrscéal freisin, a bhítear meas áirithe orthu, ach nach bhfuil leath chomh maith lena cuid gearrshaothar. An Éireannach rúnda inti, b’fhéidir.
Níor scríobh sí mórán faoi Éirinn, ach bhain mé taitneamh as a tuairimí gonta ar Elizabeth Bowen a foilsíodh in 1978: ‘Mheas [sí] í féin, le fonn áirithe, mar dhuine i bpríomhshruth na scríbhneoireachta na hÉireann. Cé gur léirigh scríbhneoirí Éireannacha meas uirthi, cheap siad go raibh sí in áit eile. De ghnáth, shíl an chuid eile dá léitheoirí, nár chuir suim ann ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, gur Sasanach í.’ Níor mhaígh sí riamh go raibh aon saineolas aici i gcoincheapa na hÉireannachais, ach is beag againne a d’fhéadfadh achoimre chomh néata sin a dhéanamh ar an scéal.
(Ní aistritheoir oilte Gaeilge mé ar chor ar bith, mar sin is cinnte go ndéanadh ceann acu jab i bhfad níos fearr de seo agus de na sleachta Gallant a leanas. Ach cuireann sé frustrachas orm nach aistrítear sleachta Béarla go Gaeilge agus an Ghaeilge mar theanga oibre in aistí srl., mar sin déanfaidh mé mo sheacht ndícheall.)
*
Bhí roinnt barúla liobrálacha saonta ag Gallant. Uaireanta molann sí an mheasarthacht agus an chiall choiteann ar bhealach a dhealraíonn, i mo chluas nua-aimseartha, a bheith ina ionadaí do dhearcadh ar leith ar an saol. Deir sí i 1968 gur ‘chabhraigh Meiriceá le ruaigeadh an fhaisisteachais idir 1941 agus 1945’. (Deir na Francaigh léi, ‘ní mar ghreann’, gan é seo a rá le slua agóideoirí mac léinn ar an eite chlé ar eagla go ndéanfaidh siad linseáil uirthi.)
Ach thuig sí an t-aicmeachas, an frith-Sheimíteachas, an seineafóibe agus – cé nach ndearna sí scrúdú chomh mór sin air — an ciníochas na Fraince. Agus í ag scríobh faoi na hagóidí céanna sin i 1968, dúirt sí: ‘Is cuimhin liom an lón a bhí agam le [duine aitheantais], agus é ag rá go tobann, “An iomarca eachtrannach sa Fhrainc – ba cheart dóibh uilig a bheith ag cuidiú le sóisialachas a thógáil ina dtíortha féin, má tharlaíonn sé dóibh a bheith Polannach, mar shampla”, agus mé ag smaoineamh go tobann: M’anam, níl ionat ach bourgeoisín suarach tar éis an tsaoil!’
Bíonn rud ann ó am go chéile a cheapann mé a bheadh ina chúis le ‘cealú’ inniu dá léifí níos forleithne Gallant ar an gcéad dul síos. I bpíosa sa New Yorker sa bhliain 1971, leagann sí béim ar an bhfíric go raibh féasóg ar Christian Rossi, 15 bliana d’aois, agus go bhféadfaí ‘é a mheascadh go héasca le fear 24 bliain d’aois’ nuair a rinne a mhúinteoir 31 bliain d’aois, Gabrielle Russier, éigniú reachtúil ina choinne. Scríobh Anatole Broyard an rud céanna sa New York Times an bhliain sin. Bhí sé uafásach, ach is dócha go raibh sé laistigh de theorainneacha ‘of one’s time’. (Maíonn Gallant go raibh fadhb eile ag na Francaigh ag an am: gan ach mí-úsáid mionaoiseach baineann a normalú. Go hidéalach, ní dhéanfaí normalú ar cheachtar acu, b’fhéidir, mura bhfuil sé sin míréasúnta …)
*
Bíonn Gallant i mbláth a maitheasa nuair a bhíonn sí ag argóint ar son caighdeán teanga – caighdeáin san aistriúchán, caighdeáin an prós, caighdeáin na críochnúlachta an téacs. Tá sí níos fearr ná George Orwell ag cloí leis an méid a mhol sí; faightear focal neamhriachtanach i bhfad níos minice i saothar Orwell ná i saothar Gallant. Ní dóigh liomsa go bhfuil an t-íostachas níos fearr go hoibiachtúil, ach sin scéal eile ar fad. Níor cheap Gallant é sin i ndáiríre ach an oiread, ach mheas sí gur cheart do dhaoine tomhas cruinn a dhéanamh ar a bhféadfaidís a bhaint amach i gceart. ‘Tá rialacha stíle ann. Trí iad a chur i bhfeidhm go diongbháilte ba chóir go mbeadh aon duine liteartha, uaillmhianach agus díograiseach in ann scríobh ar nós Somerset Maugham. Bhí Maugham feasach ar a chuid srianta, agus moladh tuillte aige dá bharr sin.’ A leithéid de negging!
Thar aon rud eile, rud is annamh, scríobhann sí léirmheasanna ar aistriúcháin a dhéanann léirmheas ar an aistriúchán. Admhaíonn sí do léitheoirí nach bhfuil Fraincis acu go gcaithfidh siad glacadh lena focal nach í Marguerite Yourcenar an leadránaí a thugann a haistriúcháin Bhéarla le fios. Tá níos lú sonraí le tairiscint aici ar aistriúchán Günther Grass (‘Is ar éigean a bhfuil Gearmáinis agam’, a dúirt sí in agallamh) ach bhí sí in ann tagairt a dhéanamh don bhunleagan. Ní chuireann saol liteartha an Bhéarla luach ná spreagadh ar an scil seo a thuilleadh. Tarlaíonn sé go bhfuil teangacha eile agam agus go bhfuilim in ann dul i gcomhairle leis an mbunleagan go minic, ach bí cinnte nach n-íocann aon eagarthóir mé níos mó as, faraor faraor.
Léigh Mavis Gallant ar mhaithe lena gearrscéalta, mar gheall ar a grinneas ar iompar sóisialta agus mar gheall ar a dianmhacht teanga. Níl sé i bhfaisean a thuilleadh a mhíniú go bhfuil abairtí áirithe níos fearr ná a chéile.


